Cad iad na suíocháin slán sabháilte?

“Níl aon suíochán ag páirtí ar bith sa toghchán seo slán sabháilte.” Sin mar a dúirt Joan Burton agus í faoi agallamh ar NewsTalk ag tús na míosa seo. Is léir go raibh sí ag déanamh tagairt don cheist sin a bhíonn i measc na vótóirí gach olltogchán – cé hiad na hiarrthóirí a bhfuil a suíochán i dTeach Laighin sábháilte acu?

Bhí an ceart ag Burton ar go leor bealaí – níl aon chinnteacht ann. Níl cinneadh déanta ag 25% de votóirí fós, de réir suirbhé déanta ag The Sunday Independent. Is léir ó na dianfheachtais atá ar siúl nach bhfuil na páirtithe ag ligint a maidí le sruth. Sin ráite, tá roinnt iarrthóirí ann atá mar chuid den tseanbhunaíocht anois agus thiocfadh geallstan go mbeidh Teach Laighin shroichte acu faoi Lá ‘na Féile Pádraig.

Bíonn ciogal na staire ag casadh mar chlog i gconaí, go háirithe i bpolaitíocht na hÉireann.  I 2011, fuair Gerry Adams 21% de na vótaí ceadrogha ina dháilcheantar sa Lú, áit ina bhfuil sé fós laidir. Tá Enda Kenny ina Teachta Dála ó bhí 1975 ann agus teideal ‘Athair na Dála’ aige faoin thráth seo. Is dócha go mbeidh sé ag déanamh ionadaíocht ar Mhaigh Eo arís. I gCorcaigh Lár-Dheisceart i 2011, fuair Micheál Martin 10,715 de na vótaí ceadrogha. Beidh na mórcheannairí slán sabháilte is cosúil, ach amháin ceannaire an Lucht Oibre, Joan Burton is cosúil, de réir pobalbhreith Millward Brown cíbe.

I gcás Shinn Féin, tá cuma na maitheasa ar Mary-Lou McDonald, a fuair 13% de na votaí i mBaile Átha Cliath Láir i 2011, agus ar Pearce Doherty atá mar rogha na coitianta le bheith ar cheann an chomhairimh i nDún na nGall.

Is dócha go mbeidh Fine Gael láidir i gCabhán-Muineacháin, le Heather Humphreys mar rogha na n-údar ansin. San Ardchathair, bhuel, Iarthar Láir Baile Átha Cliath, tá feachtas láidir faoi Frances Fitzgerald, a fuair 17% de na votaí ina dáilcheantar i 2011. Tá seans ollmhór ann go mbeidh Leo Varadkar, Seán Barrett agus Michael Noonan ag tógáil a gcuid suíocháin don pháirtí arís chomh maith.

Beagnach 30 bliain atá Teachta ag Lucht Oibre, Breandan Howlin ina Teachta in Loch Garman, beidh an pháirtí ag súil go crua go n-éireoidh leis arís. Timpeall scór bliain, toghadh John McGuinness, Fianna Fáil, den chéad uair i gCearthalach-Cill Chainnigh. Beidh an pháirtí ag bráth air an bheart a dhéanamh arís. Leoga, tá Dara Calleary i Maigh Eo, atá ina Teachta Dála ó bhí 2007 ann, ag súil an suíochán a choinneáil dóibh i dtoghcheantar an Taoisigh reatha.

caoimhe 3

Ó thaobh na neamhspleáigh de, tá na tráchtairí polaitíochta ag tuar go mbainfidh Michael Healy-Rae i gCiarraí (b’fhéidir a deartháir chomh maith) agus Mick Wallace i Loch Garman a gcuid suíocháin arís.

Tá Lucinda Creighton ó Renua ag súil lena suíochán arís, tar eís di clú, rath agus cion na ndaoine a chothú ó chéad toghadh í chun na Dála ar thicéid Fhine Gael in2007.

Leoga, b’fhéidir é go mbeidh an 32ú Dáil ina ábhar iontais dúinn i mbliana. In ainneoin na staitisticí, ní féidir le hiarrathóir ar bith a bheith cinnte faoi na suíochán go mbeidh an tallaí shroicte acu. Le roinnt laethanta fágtha, tá cogadh na gcos agus na cabhásala fós sa bhearna baoil – mar a deirtear, is fada an t-achar í seachtain sa pholaitíocht!

Aoife Mitchell

 

 

 

 

 

 

Advertisements